Tháinig an t-ordú nua um uastáillí náisiúnta tacsaithe i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2024.
Chun aon chaillteanas trádála a sheachaint, ní mór ríomhchlár táillí faofa a bheith suiteáilte agus calabraithe ar gach tacsaiméadar agus ní mór don tacsaiméadar a bheith fíoraithe. Is é suiteálaí tacsaiméadair príobháideach de rogha an tsealbhóra ceadúnais a dhéanann an calabrú tacsaiméadair a chur i gcrích.
Is oibríochtaí tráchtála príobháideacha iad ríomhchláraitheoirí, miondíoltóirí agus suiteálaithe tacsaiméadair. Níl siad ceadúnaithe ná rialaithe ag NTA ná ag an tSeirbhís Méadreolaíochta Dlíthiúla de chuid NSAI.
Déantar an tacsaiméadar a fhíorú trí úsáid a bhaint as Fíoraitheoir Údaraithe an NSAI – Applus. Chun áit a chur in áirithe, cuir glaoch ar (01) 413 5951 - tá línte gutháin ar oscailt ó Luan go hAoine, 9am go 5pm.
De rogha air sin, is féidir áirithint a dhéanamh le Applus ar líne trí chuairt a thabhairt ar Cuir tús le fíorú do thacsaiméadair - Tacsaiméadar NSAI.
TABHAIR FAOI DEARA, LE DO THOIL: Ní féidir tástálacha fíoraithe a chur i gcrích gan foirm Faisnéise do Thrádálaí Tacsaiméadair (TTI) leictreonach, arna heisiúint ag do shuiteálaí. Ní mór do shealbhóirí ceadúnais tacsaí a bhfoirm TTI leictreonach a thabhairt leo, agus iad ag freastal ar a dtástáil fíoraithe le Applus.
[Disclaimer: All reasonable effort was made to ensure that the information on this page was correct at the time of publication. Any views or opinions expressed on this page are not necessarily those of NSAI. NSAI accepts no responsibility or liability howsoever arising from the contents of this publication or any errors, inaccuracies, or omissions in the contents of the information provided therein.]