National Standards Authority of Ireland New Standards Shop

Buy Irish Standards Online

Skip to content

Tá comhairliúchán poiblí seolta ag NSAI don dréacht C.É. 436:2020+A1:2023.

Tréimhse chomhairliúcháin phoiblí: Ón 26/10/2023 go dtí an 24/11/2023, an dá lá sin san áireamh.

Raon feidhme an dréachtchaighdeáin:

 

Sonraítear sa Chaighdeán Éireannach seo:

ábhair,

modhanna tástála,

rialú cáilíochta,

marcáil,

iompar, agus

stóráil ar an láthair,

ceanglais maidir le cuaille adhmaid agus sreang a úsáidtear i bhfálú feirme. Áirítear leis freisin socruithe fáil d'imfháluithe beostoic d'eallach, caoirigh agus fianna.

Ní thugann an Caighdeán Éireannach seo aghaidh ar na gnéithe seo a leanas d'fhálú feirme:

fál a chur suas;

cothabháil na bhfálta; agus

riachtanais maidir le geataí.

Sonraítear riachtanais ábhair maidir le fálú leictreach buan, ach ní thugtar aghaidh ar shaincheisteanna suiteála agus sábháilteachta.

Ábhar an dréachta:

Tá na hailt seo a leanas sa dréacht:

  • Alt 1 Raon Feidhme
  • Alt 2 Tagairtí Normatacha
  • Alt 3 Téarmaí agus sainmhínithe
  • Alt 4 Ceanglais maidir le píosaí adhmaid
  • Alt 5 Gabhálais
  • Alt 6 Marcáil
  • Alt 7 Píosaí adhmaid agus gabhálais a iompar agus a stóráil ar an láthair
  • Alt 8 Socruithe fálaithe do bheostoc éagsúla
  • Iarscríbhinn A (normatach) Próiseas cinnteoireachta chun riachtanais maidir le caomhnú adhmaid do chuaillí adhmaid agus ráillí a chinneadh
  • Iarscríbhinn B (normatach) Caomhnú adhmaid
  • Iarscríbhinn C (faisnéiseach) Socruithe fálaithe do bheostoc éagsúla
  • Leabharliosta

 

Féach ar an dréacht agus cuir tuairimí isteach:

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara go léir a dtuairimí a thabhairt faoin dréacht C.É. 436:2020+A1:2023 tríd an bhfóram NSAI “Do Chaighdeáin, Do Thuairim” (DCDT): Falú feirme - Cuaille adhmaid agus sreang - Riachtanais | NEP (nsainep.ie)

Faigh amach conas Do Chaighdeáin, Do Thuairim a úsáid anseo.