Tá dhá bhailiúchán nua caighdeán um Shamhaltú Faisnéise Foirgnimh (SFF), ‘Bunriachtanais SFF’ agus ‘SFF Ardleibhéil,’ ar fáil le ceannach anois ó shiopa caighdeán an NSAI ar phraghas atá laghdaithe go mór.
Foilsithe ag Caighdeáin NSAI, is tionscnamh de chuid roinn nua SFF NSAI, an Oifig um Sholáthar Rialtais (OSR) agus Build Digital iad na bailiúcháin nua.
Mar thacaíocht don tionscnamh Tithíochta do Chách de chuid an rialtais agus don sainordú náisiúnta SFF, tá na bailiúcháin seo ailínithe le dea-chleachtas idirnáisiúnta agus le riachtanais na hearnála poiblí.
Dírithe ar chuideachtaí tógála agus ar chomhlachtaí san earnáil phoiblí, is féidir leis na caighdeáin seo cabhrú le comhordú tionscadal a fheabhsú, comhlíonadh rialála a fheabhsú, agus inbhuanaitheacht a thiomáint i gcomhréir leis an sprioc costais tógála cónaithe a laghdú.
Sonraí maidir le gach bailiúchán
Bailiúchán Bunriachtanas SFF 1:2025
Bailiúchán um Shamhaltú Faisnéise Foirgnimh lena n-áirítear C.É. EN ISO 19650-1:2018; C.É. EN ISO 19650-2:2018; NA 2021 go C.É. EN ISO 19650-2:2018; NSAI/CEN/TS 18113:2024 & S.R. CEN/TR 17654:2021
Formáid atá ar fáil: PDF
Faigh lascaine 30%
Roimh an lascaine*: €345 gan CBL a áireamh
Tar éis lascaine: €241.50 gan CBL a áireamh
Cuireann an bailiúchán seo an bunús riachtanach ar fáil chun Samhaltú Faisnéise Foirgnimh (SFF) a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dea-chleachtas idirnáisiúnta agus riachtanais na hearnála poiblí. Áirítear leis na caighdeáin lárnacha ISO 19650 maidir le coincheapa SFF agus seachadadh tionscadal, agus tacaíonn Iarscríbhinn Náisiúnta na hÉireann agus doiciméid threorach ábhartha na hEorpa leo.
Cuireann na caighdeáin sa bhailiúchán seo cur chuige struchtúrtha ar fáil maidir le faisnéis a bhainistiú ar fud shaolré na sócmhainní tógtha, rud a thacaíonn le comhoibriú, éifeachtúlacht agus cáilíocht fheabhsaithe i dtógáil agus i mbainistíocht sócmhainní. Tá an pacáiste seo ábhartha go háirithe d’eagraíochtaí atá ag ullmhú chun SFF a chur i bhfeidhm, freagairt do riachtanais tairisceana, nó deimhniú SFF tríú páirtí a shaothrú in Éirinn.
Ráta laghdaithe: €241.50 gan CBL a áireamh
Ar fáil le ceannach anois ó Standards.ie.
An raibh a fhios agat? Tá roghanna síntiúis ar fáil freisin ar Chaighdeáin NSAI le i2i, ardán Bainistíochta Caighdeán néalbhunaithe, inchumraithe agus slán. Faigh tuilleadh eolais faoi i2i.
*Costas iomlán na gcaighdeán uile atá sa bhailiúchán má cheannaítear gach caighdeán ina aonar i bhformáid pdf.
Bailiúchán SFF Ardleibhéil 2:2025
Bailiúchán um Shamhaltú Faisnéise Foirgnimh lena n-áirítear C.É. EN ISO 19650-3:2020; C.É. EN ISO 19650-4:2022; C.É. EN ISO 19650-5:2020; C.É. EN ISO 19650-6:2025; C.É. EN ISO 7817-1:2024; ISO 21500:2021 & ISO 55000:2024
Formáid(í) atá ar fáil: PDF
Faigh lascaine 22%
Roimh an lascaine: €414 gan CBL a áireamh
Tar éis lascaine: €321.20 gan CBL a áireamh
Leathnaíonn an bailiúchán ardleibhéil seo ar na príomhchaighdeáin SFF chun céim oibríochtúil sócmhainní, ceanglais mhionsonraithe malartaithe faisnéise, cur chuige atá dírithe ar shlándáil, agus feidhmchláir earnáil-shonracha lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht a chlúdach. Chomh maith leis sin, cuimsíonn sé caighdeáin maidir le bainistíocht tionscadal, sócmhainní agus faisnéise a sholáthraíonn comhthéacs níos leithne do chur i bhfeidhm SFF ar fud shaolré iomlán na sócmhainne.
Deartha d’eagraíochtaí atá ag iarraidh aibíocht SFF a fheabhsú nó punanna casta a bhainistiú, tacaíonn an bailiúchán seo le claochlú digiteach fadtéarmach agus le comhlíonadh ionchais athraitheacha cliant agus rialála.
Ráta laghdaithe: €321.20 gan CBL a áireamh
Ar fáil le ceannach anois ó Standards.ie.
An raibh a fhios agat? Tá roghanna síntiúis ar fáil freisin ar Chaighdeáin NSAI le i2i, ardán Bainistíochta Caighdeán néalbhunaithe, inchumraithe agus slán. Faigh tuilleadh eolais faoi i2i.
*Costas iomlán na gcaighdeán uile atá sa bhailiúchán má cheannaítear gach caighdeán ina aonar i bhformáid pdf.
[Disclaimer: All reasonable effort was made to ensure that the information on this page was correct at the time of publication. Any views or opinions expressed on this page are not necessarily those of NSAI. NSAI accepts no responsibility or liability howsoever arising from the contents of this publication or any errors, inaccuracies, or omissions in the contents of the information provided therein.]