National Standards Authority of Ireland New Standards Shop

Buy Irish Standards Online

Skip to content

16th May 2023

Tá NSAI i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Innealtóirí na hÉireann chun maoiniú a chur ar fáil dá bhaill i dtreo taisteal idirnáisiúnta, i dtaca le hobair a bhaineann le caighdeáin.

Tá an ciste €25,000 oscailte ar mhaithe le hiarratais ó innealtóirí a bhfuil sé i gceist acu freastal ar chruinnithe coiste teicniúil idirnáisiúnta in 2023 a eagraíonn comhlacht aitheanta um chaighdeánú (amhail IEC, CENELEC, CEN agus ISO).
Is féidir le hiarratasóirí a n-éireoidh leo, leas a bhaint as an maoiniú i dtreo na gcostas deimhnithe a thabhaítear, amhail eitiltí, tréimhsí fanachta in óstáin, béilí agus iompar.

Cuirfear deireadh leis an dtréimhse reatha ar iarratais Dé hAoine, an 30 Meitheamh 2023 agus ní mór baint a bheith ag iarratais le cruinniú idirnáisiúnta a bheidh ar siúl in 2023. Féadfar tréimhse eile ar iarratais a bheith ar siúl níos déanaí sa bhliain, faoi réir maoiniú a bheith fós ar fáil.
Is é NSAI comhlacht oifigiúil caighdeán na hÉireann agus tá sé freagrach as caighdeáin náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta a fhorbairt agus a fhoilsiú do tháirgí, do phróisis agus do sheirbhísí. Dar le Amanda-Jane Gainford, Oifigeach Caighdeán — Leictriteicniúil, ag NSAI, is é aidhm an chiste ná tacú le rannpháirtíocht innealtóirí i bhforbairt caighdeán.

 

Dúirt sí: “Trínár gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Innealtóirí na hÉireann, táimid ag tacú go díreach le rannpháirtíocht na mball i bhforbairt caighdeáin. Tugann forbairt caighdeán deis d’innealtóirí cur go dearfach leis an tionscal agus fad is atá sé seo ar bun, feabhas a chur ar an eolas gairmiúil. Mholfainn do gach innealtóir gairmiúil ról gníomhach a bheith acu agus a gcuid saineolais a roinnt trí pháirt a ghlacadh i bhforbairt caighdeán.”

Dúirt Damien Owens, Ard-Stiúrthóir Institiúid Innealtóirí na hÉireann: “Tá caighdeáin bunaithe ar bhunús comhair, malartaithe eolais agus taithí ghairmiúil. Tá caighdeáin agus na modhanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht le caighdeáin ríthábhachtach. Is comhpháirteanna bunriachtanacha iad d’infreastruchtúr teicneolaíochta ár náisiúin — tá siad ríthábhachtach don tionsclaíocht agus don tráchtáil, rud atá ríthábhachtach do shláinte agus do shábháilteacht ár ndaoine, agus atá bunúsach d’fheidhmíocht eacnamaíoch an náisiúin.”

“Spreagaimid go gníomhach rannpháirtíocht na mball i gcothabháil, i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm leanúnach caighdeán agus tá áthas orainn oibriú leis an NSAI chun tacú le rannpháirtíocht na gcomhaltaí i bhforbairt caighdeán”, a dúirt sé.
Táthar ag moladh do bhaill Institiúid Innealtóirí na hÉireann iarratas a dhéanamh ar an gciste taistil seo agus a spéis a chlárú trí fhoirm iarratais [íoslódáil anseo] a chomhlánú agus í a sheoladh ar ríomhphost chuig finance@engineersireland.ie.

Cuirfear deireadh leis an tréimhse reatha ar iarratais Dé hAoine, an 30 Meitheamh 2023

Tuilleadh sonraí

Cad atá i gceist leis an gciste:
•    Tá an ciste chun tacú le baill Institiúid Innealtóirí na hÉireann freastal ar chruinnithe idirnáisiúnta um chaighdeánú coiste teicniúil.
•    Úsáidfear an ciste le haghaidh cruinnithe a bheidh ar siúl in 2023.
•    Tá an ciste le húsáid chun freastal ar chruinnithe um chaighdeánú a dhéanann ceann de na comhlachtaí um chaighdeánú seo a leanas:
•    IEC
•    CENELEC
•    CEN
•    ISO

Critéir roghnúcháin:
•    Ní mór don saineolaí a bheith ina bhall d’Institiúid Innealtóirí na hÉireann.
•    Ní mór don saineolaí dul isteach i gceann de choistí teicniúla NSAI chun go mbeadh sé nó sí in ann freastal ar an gcruinniú.
•    Níor cheart don saineolaí obair a dhéanamh do chuideachta mhór (> 250 fostaí).
•    Ní mór don obair Chaighdeánaithe a bheith á forbairt ag IEC, ISO, CEN, CENELEC.
•    Déanfar an t-iarratas roimh thaisteal agus tabharfar dóthain ama chun an t-iarratas a fhormheas.
•    Ní mór don saineolaí tuarascáil/doiciméad a chur ar fáil le húsáid i bhfeachtas PR (Engineers Journal, Feachtas PR NSAI, srl.)
•    Níl an saineolaí i dteideal maoiniú a fháil ó fhoinse eile a bhaineann le NSAI don chruinniú céanna.
•    Is féidir leis an saineolaí iarratas a dhéanamh ar an gciste seo aon uair amháin.

Clúdóidh an scéim na nithe seo a leanas:

•    Costais dheimhnithe
•    Ba cheart don saineolaí na roghanna is eacnamaíche a chur in áirithe le haghaidh
•    Eitiltí
•    Cóiríochta
•    Iompar Poiblí (ba cheart an modh is eacnamaíche a roghnú, tá táillí tacsaí incheadaithe ach ní cheadaítear fruiliú carranna)
•    Míleáiste chuig agus ó (h)Aerfort na hÉireann (déan teagmháil le hInstitiúid Innealtóirí na hÉireann chun an ráta míleáiste seo a dheimhniú)
•    Táillí páirceála ag an aerfort
•    Dolaí
•    Béilí (níl costais alcóil san áireamh).

Spriocdháta
•    Cuirfear deireadh leis an tréimhse reatha ar iarratais Dé hAoine, an 30 Meitheamh 2023
 

[Disclaimer: All reasonable effort was made to ensure that the information on this page was correct at the time of publication. Any views or opinions expressed on this page are not necessarily those of NSAI. NSAI accepts no responsibility or liability howsoever arising from the contents of this publication or any errors, inaccuracies, or omissions in the contents of the information provided therein.]