National Standards Authority of Ireland New Standards Shop

Buy Irish Standards Online

Skip to content

1st August 2025

Tá comhairliúchán poiblí seolta ag NSAI don dréacht C.É. 329:2024 A1:2025 Príomhlíonra dáilte gáis 

Tréimhse an chomhairliúcháin phoiblí: Ón 31/07/2025 go dtí an 01/09/2025, an dá lá sin san áireamh. 

Raon feidhme an dréachta C.É. 329:2024 A1:2025 Príomhlíonra dáilte gáis 

Sonraíonn an Caighdeán seo na híoscheanglais maidir le dearadh, tógáil, coimisiúnú, oibriú, cothabháil agus athrú príomhlíonra, le haghaidh dáileadh gáis 1ú, 2ú agus 3ú teaghlach, gás nádúrtha agus gás nádúrtha ionadach, (e.g. gás Bithmheatán) mar atá aicmithe in C.É. EN 437 ag brúnna suas go dtí 16 barr san áireamh, agus díchoimisiúnú. 

Is éard atá i gceist leis an bpríomhlíonra dáilte ná líonra píopaí a iompraíonn gás ón gcóras tarchuir gáis nádúrtha (Féach C.É. 328), córas stórála GPL nó gléasra déantúsaíochta gáis chuig na píopaí seirbhíse gáis. 

In Iarscríbhinn C nua, sonraítear sa Chaighdeán seo na híoscheanglais maidir le dearadh, tógáil, coimisiúnú, feidhmiú, cothabháil agus athrú, agus díchoimisiúnú príomhlíonraí nua le haghaidh dáileadh 100% hidrigine ag brúnna suas le 5 bar agus an brú sin san áireamh. Ní bhaineann sé le tástálacha profa le haghaidh 100% hidrigin, ach amháin chun a cheangal nach ndéanfar tástálacha hidreastatacha. 

Ní bhaineann an Caighdeán seo le suiteáil córas tarchurtha, (féach C.É. 328), córais stórála GPL (féach C.É. 3216) nó gléasraí déantúsaíochta gáis. 

Ní bhaineann an Caighdeán seo le suiteáil píopaí seirbhíse gáis, (féach S.R. 12007-5 agus C.É. EN 12007-5). 

Is brúnna tomhsaire iad na brúnna go léir a luaitear sa Chaighdeán seo. 

Ábhar an dréachta: 

Tá na codanna seo a leanas sa dréacht: 

  • Alt 1 Raon Feidhme 
  • Alt 2 Tagairtí Normatacha 
  • Alt 3 Téarmaí agus sainmhínithe 
  • Alt 4 Ceanglais fheidhmiúla le haghaidh píblínte agus suiteálacha gáis 
  • Alt 5 Cáilíocht agus Sábháilteacht 
  • Alt 6 Ábhair agus Comhpháirteanna 
  • Alt 7 Dearadh 
  • Alt 8 Foirgníocht 
  • Alt 9 Siúntáil 
  • Alt 10 Tástálacha profa 
  • Alt 11 Athruithe ar phríomhlíonraí beo 
  • Alt 12 Coimisiúnú agus díchoimisiúnú 
  • Alt 13 Cosaint ar dhíghrádú comhshaoil 
  • Alt 14 Faireachán ar an mbonneagar gáis 
  • Alt 15 Feidhmiú agus cothabháil 
  • Alt 16 Taifid 
  • Alt 17 Bearta breise agus córais Gháis Peitriliam Leachtaithe (GPL) á láimhseáil 
  • Alt 18 Píblíne nua a úsáidtear le haghaidh 100% hidrigin 
  • Iarscríbhinn A Critéir ghlantacháin le haghaidh gáis nádúrtha agus GPL 
  • Iarscríbhinn B Sláine chomhpháirteach comhleá poileitiléine 
  • Iarscríbhinn C Príomhlíonraí nua le haghaidh 100% hidrigin 

Féach ar an dréacht agus cuir tuairimí isteach: 

Tugtar cuireadh do gach páirtí leasmhar trácht a dhéanamh ar an dréacht C.É. 329:2024 A1:2025 tríd an bhfóram NSAI ‘Do Chaighdeáin, Do Thuairim’: https://www.nsainep.ie/Home/Details/34682

Ba mhaith le NSAI aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí seo a leanas as an méid a chuireann siad le forbairt an dréachtchaighdeáin seo: 

  • Gas Networks Ireland (GNI),  
  • Calorgas,  
  • Commission for Regulation of Utilities (CRU),  
  • Jacobs,  
  • Liquid Gas Ireland (LGI),  
  • Active Energy Control Ltd (AEC),  
  • Pipelife,  
  • Fingleton White 

Faigh amach conas Do Chaighdeáin, Do Thuairim a úsáid anseo - https://www.nsai.ie/standards/your-standards-your-say/

[Disclaimer: All reasonable effort was made to ensure that the information on this page was correct at the time of publication. Any views or opinions expressed on this page are not necessarily those of NSAI. NSAI accepts no responsibility or liability howsoever arising from the contents of this publication or any errors, inaccuracies, or omissions in the contents of the information provided therein.]