National Standards Authority of Ireland New Standards Shop

Buy Irish Standards Online

Skip to content

Foilsíodh dréacht-treoirlínte idirnáisiúnta maidir le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn agus a chur chun feidhme. Tá na dréacht-treoirlínte seo ar oscailt anois do chomhairliúchán poiblí, tríd an áis ar líne ‘Do Chaighdeáin, Do Thuairim’ de chuid an NSAI.


Tréimhse chomhairliúcháin phoiblí: Ón 24 Aibreán 2023 go dtí an 19 Meitheamh 2023, an dá lá sin san áireamh.


Raon feidhme dhréacht ISO/DIS 53800

Tugtar treoir sa doiciméad seo maidir le conas comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn agus a chur chun feidhme.


Cuireann sé treoirlínte ar fáil d’eagraíochtaí chun na cumais a fhorbairt chun cultúr an chomhionannais inscne agus cumhachtú na mban a bhaint amach. Áirítear ar na treoirlínte an creat, na hacmhainní, na beartais, na huirlisí agus na dea-chleachtais lena gcumasaítear comhthéacsú, cur chun cinn agus cur chun feidhme an chomhionannais inscne. Dírítear sa doiciméad seo ar an neamhionannas a eascraíonn as na róil inscne-shonracha a shanntar do mhná, do chailíní, d’fhir agus do bhuachaillí agus tá sé infheidhme maidir le gach cineál eagraíochta — idir phoiblí agus phríobháideach, beag beann ar a méid, ar a suíomh ná ar a réimse gníomhaíochta. Ní thugann an doiciméad seo aghaidh ar ghnéithe sonracha an chaidrimh le ceardchumainn nó comhairlí oibre, comhlíonadh sonrach tíortha agus ceanglais dhlíthiúla maidir le héagsúlacht inscne.


NÓTA: Féach ar sainmhíniú 3.5 ar inscne agus sainmhíniú 3.21 ar éagsúlacht sa dréachtdoiciméad.


Ábhar an dréachta
Tá na ceannfhocail seo a leanas sa dréacht:
Réamhrá
Intreoir
1    Raon feidhme
2    Tagairtí normatacha
3    Téarmaí agus sainmhínithe
4    Cur chuige foriomlán agus saincheisteanna
5    An staid reatha maidir le comhionannas inscne
6    Treoirlínte maidir le comhionannas inscne

Iarscríbhinn A Treoirlíne maidir le sásra casaoide a fhorbairt chun foréigean inscnebhunaithe (GBV) a chosc, a bhrath agus freagairt dó, lena n-áirítear teacht i dtír gnéasach, mí-úsáid, agus ciapadh (SEAH) go hinmheánach chomh maith le rannpháirtíocht le bpáirtí leasmhara seachtracha

Iarscríbhinn B Táscairí maidir le staid chomparáideach na mban agus na bhfear

Iarscríbhinn C Liosta na mboscaí téacs

Iarscríbhinn D Dea-chleachtais agus samplaí


Abair leat!
Féach ar an dréacht agus cuir tuairimí isteach:
Iarrtar ar gach páirtí leasmhar trácht a dhéanamh ar dhréachtdoiciméad ISO/DIS 53800 trí áis ar líne ‘Do Chaighdeáin Do Thuairim’ de chuid NSAI.
Is uirlis saor in aisce, bunaithe ar an ngréasán é seo, a ceapadh chun rannpháirtíocht a spreagadh ó gach duine a bhfuil suim acu breathnú ar dhréachtdhoiciméid chaighdeánaithe agus ráiteas a thabhairt ina leith.

Is féidir an dréachtdoiciméad ISO/DIS 53800 a chlárú agus a íoslódáil anseo - https://www.nsainep.ie/Home/Details/27563
Faigh amach conas ‘Do Chaighdeáin, Do Thuairim’ a úsáid ach féachaint ar an bhfíseán úsáideach seo ar YouTube: Comhairliúcháin Phoiblí ag an NSAI: Conas Do Chaighdeáin, Do Thuairim a úsáid — YouTube.

Tabhair faoi deara, le do thoil: cuirfear deireadh leis an gcomhairliúchán poiblí seo an 19 Meitheamh 2023.