National Standards Authority of Ireland New Standards Shop

Buy Irish Standards Online

Skip to content

Tá an NSAI (an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann) tar éis tús a chur le comhairliúchán poiblí maidir le dréachtchaighdeán de I.S. 420 i dtaobh Dúnphoill Réamhtheilgthe choincréite.

Tréimhse chomhairliúcháin phoiblí: Ó 1ú Iúil 2023 go dtí 31ú Iúil 2023, san áireamh.

Raon feidhme an dréachtchaighdeáin:
Sonraíonn I.S. 420:2022 faoi seach ceanglais atá ag teacht le hiad siúd in I.S. EN 1917:2002 & in AC:2008 le haghaidh dúnphoill choincréite neamhthreisithe agus threisithe agus trasghearradh ciorclach agus dronuilleogach acu (agus coirnéil sheaimféaráilte nó chothromaithe acu nó gan iad); ag a bhfuil méideanna ainmniúla nó faid ainmniúla nach mó iad ná DN 1 250 nó LN 1 250. Sonraítear ceanglais in I.S. 420:2022 freisin maidir le dúnphoill coincréit neamhthreisithe agus threisithe a bhfuil méideanna ainmniúla acu ar mó iad ná DN 1 250, ach nach mó iad ná DN 3 000.  Níl feidhm ag I.S. 420:2022 maidir le dúnphoill réamhtheilgthe choincréite de thrasghearradh éilipseach nó de shnáithín cruach. Baineann an Caighdeán seo le dúnphoill atá le suiteáil i gcarrbhealaí bóithre (lena n-áirítear sráideanna coisithe), guaillí crua agus limistéir pháirceála do gach cineál feithicle bóthair. Tá feidhm aige freisin maidir le haonaid atá faoi réir luchtú tráchta níos éadroime. Sonraítear freisin na ceanglais maidir le poill shúite, leaca tuirlingthe agus leaca coirbéil. Níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le pleanáil, dearadh, suiteáil, nó tástáil draenacha agus séarachais laistigh de raon feidhme I.S. 752, I.S. EN 1295-1 agus I.S. EN 1610.

Tá na hailt seo a leanas sa dréacht: 
•    Alt 1 Scóip 
•    Alt 2 Tagairtí Normatacha 
•    Alt 3 Téarmaí agus sainmhínithe 
•    Alt 4 Ceanglais ghinearálta
•    Alt 5 Ceanglais speisialta
•    Alt 6 Marcanna
•    Alt 7 Inbhuanaitheacht

Féach ar an dréacht agus cuir tuairimí isteach:
Iarrtar ar na páirtithe leasmhara go léir a dtuairimí a thabhairt ar an dréacht I.S. 420 Dúnphoill réamhtheilgthe choncréite – 2ú hEagrán] trí fhóram NSAI “Do Chaighdeáin, Do Thuairim ” (DCDT) anseo.

Faigh amach conas Do Chaighdeáin, Do Thuairim a úsáid anseo.