Tá comhairliúchán poiblí seolta ag NSAI maidir le dréacht de Mholadh Caighdeánach S.R. 66:2015 +A1:202X ina dtugtar treoir maidir le táirgí cóireála fuíolluisce i gcomhréir le sraith caighdeán EN 12566
Tréimhse an chomhairliúcháin phoiblí: Ón 10ú Nollaig 2025 go dtí an 28ú Eanáir 2026, an dá dháta sin san áireamh.
Raon feidhme an dréachta
Leis an Moladh Caighdeánach (S.R.) seo, tugtar treoir maidir le:
- gléasraí cóireála fuíolluisce a roghnú chun fuíolluisce tí a chóireáil le haghaidh feidhmeanna do dhaonraí suas le 50 coibhéis daonra i gceantair gan séarach poiblí.
- an fheidhmíocht íosta is gá le haghaidh gléasraí cóireála fuíolluisce a tástáladh de réir chaighdeáin I.S. EN 12566 (Codanna 1, 3, 4, 6 agus 7).
- paraiméadair scálaithe agus an toilleadh stórála sloda is gá chun an fheidhmíocht íosta a mholtar do ghléasraí cóireála fuíolluisce a uas-scálaíodh ón ngléasra a tástáladh a bhaint amach.
Ní sholáthraítear treoir maidir le cóireáil threasach oiriúnach le haghaidh fuíolluisce ó fheidhmeanna tí leis an raon feidhme.
Ábhar an dréachta:
Tá na codanna seo a leanas sa dréacht:
1 Raon feidhme
2 Tagairtí normatacha
3 Téarmaí agus sainmhínithe
4 Leibhéil feidhmíochta do ghléasra cóireála fuíolluisce do suas le 50 coibhéis daonra 78
5 Éifeachtacht cóireála na ngléasraí cóireála fuíolluisce
6 Uas-scálú le haghaidh córas cóireála fuíolluisce beag
7 Torthaí ó pháirtí eile comhroinnte
Iarscríbhinn A (eolasach) Luachanna riachtanacha do ghléasraí agus d’aonaid a éilíonn go gcomhlíonann siad S.R. 66
Iarscríbhinn B (eolasach) Scálú an phríomhsheomra
Iarscríbhinn C (eolasach) Teimpléad tipiciúil is féidir a úsáid chun inchomparáideacht gléasraí a mheas i gcomhréir le clásal 7
Féach ar an dréacht agus cuir tuairimí isteach:
Tugtar cuireadh do gach páirtí leasmhar tuairim a thabhairt faoin dréacht S.R. 66 trí fhóram NSAI ‘Do Chaighdeáin, Do Thuairim’: https://www.nsainep.ie/Home/Details/35546
Ba mhaith le NSAI aitheantas a thabhairt d’obair NSAI/TC 11 WG 6 as a rannchuidiú le forbairt an dréachtchaighdeáin seo.
Faigh amach conas Do Chaighdeáin, Do Thuairim a úsáid anseo - https://www.nsai.ie/standards/your-standards-your-say/
[Disclaimer: All reasonable effort was made to ensure that the information on this page was correct at the time of publication. Any views or opinions expressed on this page are not necessarily those of NSAI. NSAI accepts no responsibility or liability howsoever arising from the contents of this publication or any errors, inaccuracies, or omissions in the contents of the information provided therein.]