National Standards Authority of Ireland New Standards Shop

Buy Irish Standards Online

Skip to content

Sheol an NSAI an comhairliúchán poiblí ar Dhréacht prI.R. 844 202X

Tréimhse chomhairliúcháin phoiblí: Ón 25 Lúnasa 2023 go dtí an 10 Deireadh Fómhair 2023, san áireamh.

Raon feidhme an dréachta

Sonraíonn an Caighdeán Éireannach seo ceanglais agus tugann sé treoir maidir le hiompar agus suiteáil meascán biotúmanach laistigh de raon feidhme an I.S. EN 13108:2006 Codanna 1,4,5,6 agus 7, mar a dhéantar cur síos orthu in S.R. 28:2018, chun sláine agus saintréithe feidhmíochta meascán biotúmanach laistigh den struchtúr pábhála a chinntiú.

Mar chuid de freisin luaitear ceanglais agus tugtar treoir maidir le réamhobair ag an láithreán leagain nach foláir lena chinntiú go bhfuil an tsubstráit oiriúnach chun an meascán biotúmanach a ghlacadh agus chun brat nascála a chur air.

Cuimsíonn sé freisin ceanglais agus treoir maidir le hasfalt Marasacal le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha amháin. Ní thugann sé aghaidh ar asfalt Marascal le haghaidh feidhmeanna aerpháirce.

Baineann an caighdeán seo le bóithre, aerpháirceanna agus limistéir eile ina mbíonn trácht ag dul tharstu.

Ábhar an dréachta:

Tá na hailt seo a leanas sa dréacht:

· Alt 1 Raon Feidhme

· Alt 2 Tagairtí Normatacha

· Alt 3 Téarmaí agus sainmhínithe

· Alt 4 Córas Iompair agus seachadadh

· Alt 5 Obair ullmhúcháin

· Alt 6 Suiteáil meascán biotúmanach

· Alt 7 Ceanglais bhreise suiteála le haghaidh cineálacha sonracha meascán bhiotúmanach

· Aguisín A I.S. 844 Nótaí a ghabhann leis an treoir

· Aguisín B Modhanna tástála

· Aguisín C Treoir maidir le togra faoi oibreacha

Féach ar an dréacht agus cuir do thuairimí in iúl:

Tugtar cuireadh do gach páirtí leasmhar a dtuairimí a thabhairt ar an dréacht do Dhréact prI.S. 844 202X trí fhóram NSA “Do Chaighdeáin, Do Thuairim” (DCDT) anseo. .