Cairt Chustaiméara


Leagann an chairt thíos síos na caighdeáin seirbhíse is féidir lenár gcuid Custaiméirí súil a bheith acu leo ón NSAI.

1. Ár luachanna custaiméara a threoraíonn an tSeirbhís a sholáthraímid:

a. Is mór againn ár gcuid custaiméirí.

b. Cabhraímid lenár gcuid custaiméirí a gcuid riachtanas a shainiú.

c. Bímid freagrach agus solúbtha laistigh dár bhfeidhm thráchtála agus reachtúil agus muid ag freastal ar riachtanais ár gcuid custaiméirí.

d. Tá an bealach ina bpléimid lenár gcuid custaiméirí cúirtéiseach, cairdiúil agus airdeallach.


2. Cuirfidh an NSAI an tseirbhís seo ar ardchaighdeán ar fáil faoi na cinnteidil seo a leanas:
 

Custaiméir

Bronnann an chairt seo na leibhéil chéanna measa aguscúirtéiseachta ar an bpobal is atá ar Fhoireann an NSAI.
 
 

An Cleachtas is Fearr

Glacfar leis an gcleachtas is fearr agus seirbhís á soláthar mar atá leagtha síos i gCothú Dhul Chun Cinn.
 
 

Eolas Custaiméara

Cuirfear feasacht phoiblí ar chláir an NSAI chun cinn. Is féidir le custaiméirí teacht ar eolas faoi sheirbhísí an NSAI trí theagmháil a dhéanamh le haon cheann dár gcuid oifigí timpeall na tíre nó ar láithreán gréasáin an NSAI.


Comhionannas

Cuirfear ár gcuid seirbhísí ar fáil do gach custaiméir i mbealach cúirtéiseach, cothrom agus neamhchlaonta de réir reachtaíochta comhionannais. Éascófar rochtain ar sheirbhísí an NSAI do dhaoine le míchumais.
 
 

Sláinte, Sabháilteacht agus Leas

Cuirfear oifigí poiblí atá de réir caighdeán ceirde, sábháilteachta agus leasa ar fáil.

 
 

Príobháideachas agus Rúndacht

 Déanfar gach gnó lenár gcuid custaiméirí i mbealach a léiríonn meas ar a gcuid ceart príobháideachais agus rúndachta chomh fada is a ligeann ár ndualgais reachtaíochta dúinn é sin a dhéanamh.
 
 

Comhchomhairleacht / Aiseolas

Éistfear le dearcaí a chuirtear in iúl, cuirfear luach orthu agus déanfar iad a mheas, agus más féidir, laistigh de scála ama réalaíoch, aontófar céimeanna le dul chun tosaigh.

Fáiltíonn an NSAI roimh bhur gcuid tuairimí, moltaí agus dearcaí ar aon ghné dár gcuid seirbhísí mar go gcabhróidh sé seo linn freastal níos fearr a dhéanamh ar bhur gcuid riachtanas.

 

Sciobhthacht

Freagrófar litreacha, ceisteanna, ríomhphoist agus glórphoist go sciobtha agus i mbealach éifeachtach. Má thógann ullmhú freagra níos mó ná 5 lá oibre, eiseoidh an NSAI admháil ar gach teachtaireacht / comhfhreagras.


Ceisteanna

Le plé le ceisteanna i mbealach oscailte, oibiachtúil agus cothrom déanfar gach iarracht ceisteanna a réiteach, ar bhealach a shásaíonn an custaiméir agus an NSAI, ag leibhéal áitiúil.

Tá ról ag an NSAI de réir dualgas reachtaíochta faoi na hAchtanna Méadrólaíochta 1980 go 1998 agus de réir na cairte agus reachtaíochta seo.

 

Gearáin Chustaiméara

Pléifear le gach gearán custaiméara faoin bPolasaí um Ghearáin Chustaiméara.
 
 

Tagairt

Acht Údarás Náisiúnta Caighdeán na hÉireann, 1996.

An tAcht Forbartha Tionsclaíochta (Fiontraíocht na hÉireann), 1998.

  

Comhaontú

Chomhaontaigh baill an Choiste Ghnó an chaipéis seo agus chomhaontaigh baill Fhóram Páirtnéireachta na gCeardchumann an chaipéis seo ag cruinniú an Fhóraim Chaidreamh Tionsclaíochta 6 Aibreán 2004.



 

Legal Policy | Accessibility | Site Map | External Links | Contact Us

This site is best viewed in Internet Explorer 7.0+, Firefox 3.0+ and Chrome 3.0+ esolution created by Elucidate - Web strategy